Blag Nua Gaeilge ar CLG Átha Cliath


#1

Here is my blag Gaeilge on all the big stories surrounding the senior football and hurling teams as they arise. Bímse ag scríobh faoi na mórscéalta a bhaineann le foirne iománaíochta is peile na Dubs de réir mar a thagann siad aníos. Bíonn anailís ar chluichí, ceisteanna thráth na gceist, ailt tuairimíochta, 20 ceist ar iarpheileadóirí, próifíl na-imreoirí agus go leor leor eile le fáil ann.

Fáilte roimh contructive critism. Google translate will give a fair idea to those without much Gaeilge of whats going on. Na Dubs abú!


#2

Saváiste! Breathnaíonn sé go hiontach. Coimeád suas an dea-obair a mhac.


#3

Go raibh maith agat. Coinneoidh mé suas cinnte é. Beidh tuairisc agam ó Pháirc Uí Nualláin Dé Domhnaigh nó Dé Luain chomh maith le cúpla rud eile idir an dá linn. Bail ort!

Na Dubs abú!


#4

Níl aon tinteán mar a thinteáin féin

Maith thú Jamie :grin:


#5

Fiche Ceist ar CLG Átha Cliath dhaoibh / 20 quiz questions on CLG Átha Cliath. Dóibh siúd nach bhfuil ach cúpla focal Gaeilge acu Google Translate will give you a fair idea!

Freagraí ag bun an leathanaigh!


#6

Is maith liom cáca milis


#7

Trí deag as a sé déag

Tá ceist a deich mícheart.

Buaigh Luimnech in aghaidh na Dubs sa Sraith i mí na nAibreán


#8

dcr22B

An ceart ar fad agat! Scríobhadh na ceisteanna roimh an gcluiche sin. Caithfidh gur chuir mé mallacht orthu!


#9

Níl ach mallacht amháin in Éireann inniu: an mallacht Mhaigh Eo :grin:


#10

…agus go mairfidfh sé!


#11

agus go maire sé!


#12

Aon tuairimí agaibh faoin gcluiche Dé Sathairn? An mbeidh bua éasca +10 gcúilíní againn nó an gcuirfidh an taisteal isteach orainn? Is cosúil nach bhfuil ach 14,000 ticéad díolta de bharr easpa lóistín (Na Cat Laughs ar siúl an oíche chéanna) agus de bharr go bhfuil muintir Laoise ar buile nach bhfuil an cluiche i bPort Laoise. An ndíolfar na ticéid eile?


#13

An lá a croitheadh Páirc an Chrócaigh -


#14

Bhí me ina shuí san Ardán Chíosóig an lá sin. Bhí beirt as Clare County Board in aice liom. Nuair a fuair an Gooch cúilín sna 62ú nóiméad, dúirt said “You have to lose one to win one”. Dúirt mé “It’s not over yet” ach ní raibh mé a chreidiúint, go raibh muid ábalta a bhuachan as an bpost


#15

Ní raibh tú i bhfad uaidh leis an scór! Aon chúilín déag, “as baile”… Ní dhéarfainn go dtarlóidh sé ró-minic go rachfaidh na Dubs faoin dtuaidh - an iomarca airgid le cailiúnt ag an CLG, dá bharr. Dhéarfadh siad is dócha go caileann na clubanna amach i ndeireadh na dála, mar nach mbéadh an oiread airgead le scaipeadh ina measc acu?? N’fheadar. Tá mé fhéin idir dhá intinn faoi…
Sílim fhéin freisin go bhfuil ionaid níos oiriúnaí ná Nowlan Park má tá siad ag iarradh imeacht as an gcathar ó am go chéile…


#16

Is fearr go deireanach ná go brách! Áth Cliath 2-21 Laois 2-10 -


#17

Cill Chainnigh v Áth Cliath -


#18

BualadhBos,

An ceart ar fad agat maidir le cúrsaí airgid ach beidh Comhaile Laighean ag iarraidh freastal orthu siúd a bhíonn ag gearán faoi na Dubs a bheith sa mbaile i gcónaí. Caithfidh mé a rá gurbh fhearr liom i bhfad a bheith ar an mbóthar. Bíonn atmaisféar i bhfad níos fearr ann nuair a bhíonn staideana beaga beagnach lán seachas a bheith i bPáirc an Chrócaigh agus gan ann ach 25,000.

Maidir le Nowlan Park - an ceart ar fad agat. Fadhb agamsa leis an ionad áirithe sin. Dá mbeadh said sásta an pheil a thógáil dáiríre ní bheadh aon fhadb agam leis. Ba cheart go gcuirfí CLG Chill Chainnigh suas go Páirc an Chrócaigh leis an toradh sin a bhí ag a gcuid mionúr in aghaidh Loch Garman a mhíniú.


#19

Maith thú Jamie. Tá sé an-suimiúil👍


#20

Go raibh maith agat, a Imreoir!