Ag súil go mór leis an gcluiche ceannais. Nuair a chuimním ar na 80í, 90í (cé is móide 95) agus na 00í, nach orainne an t-ádh bheith ag tabhairt faoi cluiche ceannais agus deis iontach ag Áth Cliath trí corn as a chéile a bhaint? Níor shamlaigh mé riamh a leithéid.
Má tá focal Gaeilge agat, tapaigh an deis líne nó dhó a scríobh anseo. Is cuma faoi cursaí gramadach, litriú, srl.
An ceart ar fad agat. Nach iontach a bheith beo leis an bhfoireann iontach seo a fheiceáil ag imirt.
Mar sin féin, níl cluiche ceannais na hÉireann buaite againn fós i mbliana. Tá go leor de lucht leanta na Dubs an-cocky i mbliana agus tá súil le Dia agam nach mbeidh díomá orthu. Ní raibh ach cic liathróide idir na foirne anuraidh agus bheinn ag súil leis an rud céanna i mbliana. Níl faitíos ar bith ag Maigh Eo roimhe na Dubs. Ní bheidh sé éasca.
Aontaím leat Jamie níl eagla ar bith ag Maigh Eo tabhairt faoina Dubs. Áth Cliath v Maigh Eo & 30 contaetha eile & Nua Eabhrac & Londain & an domhain uilig. Dubs abú!
Ní dóigh liom go mbeidh - tá trua ag an dtír is a mhac do Mhaigh Eo bocht. Bheadh tinte cnámha ag gach crosbhóthar idir seo agus Iorrais dá mbuafaidís orainn. Ní chloisfimis a dheireadh de, fiú mura mbuafaidís arís le seasca sé bliain eile é.
Ceart agat Coc bheadh tínte cnámha ó Dún na nGall go tigh Páidí Ó Sé i bhFiontra. Bheadh sé ina Italia 90 do mhuintir tuaithe má fhaigheann Maigh Eo lámh in uachtar orainn
ag súil go mór le lá stairiúil, an trí chorn Sam as a chéile. le cuidiú Dé , ni bheidh díómá millteanach mór orm agus déan faidh siad an gaisce. déarfainn go mbeidh diarmo ag tosú sa cheann seo agus Flynner, mdma, butsy, kevo agus eoghan ag teacht isteach sa dara leath chun an cluiche a mharú má tá siad chun tosaigh ag an bpaointe sin. caithfidh me a rá go bhfuil mé an-dóchasach don ceann seo, i bhfad níos mó ná blianta beaga anuas orainn. BÁC le ceathar nó cúig chúilín. Is mór an trua nach bhfuil TICÉAD agam.
Nerves Frithchiníochais agus Éagsúlachta imithe, rolla dé domhnaigh, tá súil againn gach lucht leanúna a fháil curtha in eagar le haghaidh ticéid . ans dúinn Dubs a bheith ag ceiliúradh 18:00 teacht
Ag súil go mór leis an Domhnach. Ar sceitimíní is an corraithe go mbeidh an lá ag Áth Cliath. Bheifeá cinnte de nach bhfuil aon caint ar an bpainéal ar 3 Sam as a chéile. Níor mhaith liom fiú trácht air ach samhlaigh sin mar éacht.
Tá taithí ar Áth Cliath ar conas AI a bhaint. Tá sé déanta ar bhealaigh éagsúla acu le blianta beaga anuas . Tá foireann is painéal thar cionn ann. Níl siad ag brath ar dhuine nó beirt le scóranna a aimsiú. Beidh siad sciliul, aclaí is réidh chun catha. feictear domsa go bhfuil córas sách socraithe ag Áth Cliath ach nach gclaîonn siad le aon córas amháin go ró diongbhálta.
Tá an-chuid faoi Maigh Eo sna meáin ach ní iriseoiri / saineolaithe a bhéas ar an bpáirc. Ní raibh mé ró tógtha leis an méid a dúirt Cavanagh. b’fhéidir tuairim macánta a bhí ann ach ní ar leas Átha Cliath a rinne se an caint sin.
Foireann cumasach agus sciliúil iad Maigh Eo. An bhfuil na tosaithe acu scóranna a aimsiú ón imirt?
Beidh AndyMoran láidir, tapaidh agus sleamhain. Cé a bhéas à marcáil do Áth Cliath?
Cén ról go díreach a bhéas ag AOS?
Is dócha go mbeidh Maigh Eo ag déanamh tréan iarracht cur isteach ar Cluxton. Cad is féidir leo a dhéanamh?
Ag súil go dóchasach le cúl go luath sa chluiche. Is fiú níos mo ná 3 pointí cúl ag Áth Cliath. Is fíor a mhalairt freisin, gheobhadh Maigh Eo ardú meanma ó chúl. DC le tosú is an scéal a cur in a cheart.
Ana chuid ceisteanna a Milleanaigh - n’fheadar an bhfuil freagraí ar bith ag éinne?
Tá cumas ag Maigh Eo gan amhras, agus ar a lá d’fhéadfaidís éinne a shárú, ach ainneoin na gearáin uathu síos tríd na blianta nach mbíonn ádh ar bith acu seachas mí-ádh, sílim féin go raibh an dearg ádh leo i mbliana dul chomh fada leis an gcluiche ceannais. Cuireann siad Áth Cliath 2012 i gcuimhne dom - droch imirt i rith na bliana agus gan oiread na fríde idir iad agus cluiche ceannais na bliana sin. Ach i ndáiríre an bhfuil éinne a shíleann go raibh bua tuillte againn i 2012? Níl, agus níor chóir go mbeadh éinne ag maíomh go bhfuil bua tuillte ag Maigh Eo i ndiaidh ráiméise a léiríodar i gcoinne Gaillimh, Doire & Ros Comáin.
Am fhírinne lom ná má imríonn na Dubs ar a gcumas, beidh an bua acu - is cuma cad a dhéanann Maigh Eo.